top of page

Comhairle Contae Chiarraí

Tá Scéim fógartha ag Comhairle Contae Chiarraí chun cabhrú le Ciorcal Comhrá ar fud Chiarraí. Cuirfear €1,000 ar fáil sa scéim do ghrúpaí pobail chun Ciorcal Comhrá a fhorbairt le Gaelscoil, Scoil Ghaeltachta, Glór na nGael, Conradh na Gaeilge, Cumann Lúthchleas Gael nó le Comhaltas Ceoltóirí Éireann.

 

Ní dheinfear dearúd ach chomh beag ar an nGaeltacht le linn Sheachtain na Gaeilge agus Geata-Chomhartha nua le crochadh ar bhonn píolóta ar an tslí isteach go Gaeltacht Chlochán-Bréanainn. Tagann seo le ceann de spriocanna turasóireachta na Comhairle chun Turasóireacht na Gaeilge i gCiarraí a fhorbairt.

 

I dteannta sin tá an aip Duolingo áit a bhfuil 2.6 milliún duine ag foghlaim na Gaeilge - an 9ú teanga is mó tóir uirthi, ar fáil ar shuíomh idirlín Leabharlann Chiarraí ag www.kerrylibrary.ie

 

Deir Príomh-Fheidhmeannach Chomhairle Contae Chiarraí, Moira Murrell gur deis iontach é seo do phobal Chiarraí an Ghaolainn a chleachtadh le foireann na Comhairle agus mhol sí do gach éinne páirt a ghlacadh i Seachtain na Gaeilge.

 

"Cífear Labhair Gaeilge Linn! ar fheithiclí na Comhairle mórthimpeall Chiarraí mar aon lenár gcuntair phoiblí in oifigí agus leabharlanna an chontae, tapaigh an deis seo linn agus bainigí triail as focal nó dhó agus sibh i mbun gnó” adúrt sí.

 

Rithfear comórtas, An Fhuinneog is Gaelaí fé chúram Chonradh na Gaeilge, Fóram Gaeilge Chiarraí agus Lucht Gnó Chiarraí le duaischiste €1,000 urraithe ag an gComhairle.

Labhair Gaeilge linn - surprise yourself!

Moira Murrell

Príomh-Fheidhmeannach, Comhairle Contae Chiarraí

Kerry County Council

Kerry County Council have announced the allocation of €1,000 to support the development of Irish Language Ciorcal Comhrá across Kerry.  The scheme will help community groups to run a Ciorcal Comhrá in partnership with their local Gaelscoil, Gaeltacht school, or branch of Glór na nGael, Conradh na Gaeilge, GAA or Comhaltas Ceoltóirí Éireann.

 

Gaeltacht areas will not be forgotten during Seachtain na Gaeilge, where a new Gaeltacht Gateway sign is to be piloted for the road leading to the Clochán-Bréanainn Gaeltacht.  This decision sits well with a key tourism objective of the Council to develop Irish Language Tourism in our Gaeltacht areas. 

 

Also the highly successful Duolingo app, which has 2.6 million people learning Irish worldwide, the 9th most popular language being learnt, is now available on the Kerry Library website at www.kerrylibrary.ie

 

Kerry County Council Chief Executive, Moira Murrell said that this is a wonderful opportunity for the people of Kerry to practise their Irish with the Council and she encouraged everyone to participate in Seachtain na Gaeilge.

 

“As part of our publicity drive, the public will see Labhair Gaeilge Linn! signage on many council vehicles around Kerry and at the public counters at our offices, as well as our libraries. We are urging everyone in the county to get involved and to try a cúpla focail,” said Ms. Murrell.

 

The Window Display competition, An Fhuinneog is Gaelaí will be run by Conradh na Gaeilge, Fóram Gaeilge Chiarraí and the Business Community with a prize fund of €1,000 from Kerry County Council. 

 

Labhair Gaeilge linn - surprise yourself

bottom of page