top of page

An Fhuinneog is Gaelaí 2017

 

D’éirigh go h-iontach le comórtas An Fhuinneog is Gaelaí, arís i mbliana mar chuid de Sheachtain na Gaeilge.  Ghlac 17 gnó/siopa/coiste páirt sa chomórtas i mbliana.  Arsa Pádraig Mac Fhearghusa, Conradh na Gaeilge ‘Seo an dara bhliain dúinn comórtas na bhfuinneog a reachtáil le linn Seachtain na Gaeilge i gCiarraí agus táimid ana-shásta ar fad leis an dtoradh.  Bhí siopaí agus lucht gnó Lios Tuathail agus Ciarraí Thiar & Theas ana-dhíograsach agus bhí sé go diail muintir Thrá Lí a bheith páirteach i mbliana.  

 

Siad na príomh bhuaiteoirí do 2017 ná... 

  • Betty McGrath’s i Lios Tuathail, 

  • Siopa na Feirme sa Choireán,

  • Designer Flowers i dTrá Lí, 

  • The Irish Pub Shop i gCill Áirne.

Tá Conradh na Gaeilge ana-bhuíoch leis d’Oifig Ghaeilge agus do Chiste Tacaíochta Pobail Chomhairle Contae Chiarraí as a gcuid tacaíochta. Bronnfar na duaiseanna ag 7.30pm san Óstán Meadowlands, Trá Lí, Dé Céadaoin 5 Aibreán 2017.”

“This is the second year that the best Irish window competition has been run during Seachtain na Gaeilge in Kerry and we are delighted with the result” said Pádraig Mac Fhearghusa, Conradh na Gaeilge.  “Shops and businesses in Listowel and South & West Kerry were particularly active and we’re delighted that Tralee business’s took part this year.  The main winners for 2017 were Betty McGrath’s i Lios Tuathail,  Siopa na Feirme sa Choireán, Designer Flowers i dTrá Lí and The Irish Pub Shop i gCill Áirne.

 

Conradh na Gaeilge are very grateful for the support of Kerry County Council’s Community Support Fund and Oifig na Gaeilge. The prizes will be presented at 7.30pm in Meadowlands Hotel, Tralee, Wednesday 5 April 20017”.

Coiste Dúiche Chiarraí de Chonradh na Gaeilge agus

Oifig Ghaeilge Chomhairle Contae Chiarraí a bhí i mbun an chomórtais,

le tacaíocht ó Fhóram Gaeilge Chiarraí, Ghlór na nGael, an Lucht Gnó

agus Ciste Tacaíochta Pobail Chomhairle Contae Chiarraí.

bottom of page